Ríomhaireacht Ghaelach agus Comhairleoireacht Teangan

Is anso atá tú: Lch Tosaigh - Seanfhocal an Lae
A  A  English

Seanfhocal an Lae

Go bhfága Dia do shláinte agat.
Míniú: Guí é seo le buíochas as áis bheag; bhí se an-chomónta nó gur tháinig eacnamaíocht airgid isteach, rud a fhág blas suarach ar ghuíonna agus ar bheannachtaí. Bhí seanbhean ina haonar a ghlaodh go minic ar a cheardaí comharsan chun cúraimí beaga a dhéanamh di. Is leis an mbeannacht so a dhíoladh sí i gcónaí é, ach chaith sí eirí as nuair a fhiafraigh sé dhi cá mbrisfeadh sé é.

É seo a roinnt...

Cad iad so?


É seo a mharcáil leis an gclár so leanas: