Seanfhocal an Lae
Mian mic a shúil.
Míniú:
An rud a chíonn an leanbh, sin é a bhíonn uaidh.
Tá scéal ag baint leis an seanfhocail seo. Bhí fear ann fadó; bhí sé pósta agus bhí aon leanbh mic amháin aige. Cailleadh an bhean, agus tar éis tamaill, do phós sé arís. Má phós, ní go ró-mhaith a thaithin an leanbh lena leasmháthair.
Tháinig lá go raibh sí ag ullmhú dinnéir agus gur sciob an leanbh blúire den bhia. Thug sí amach go fíochmhar dhó. Dúirt an t-athair léi, "Mian mic a shúil", á chur i n-iúil dhi nach ceart di a bheith chomh dian air.
"Más ea", a dúirt sí féin á fhreagairt, "itheadh sé a shúil."
Saolaíodh mac di féin ina dhiaidh sin a bhí ar leathshúil.
Tá an seanfhocal seo ar an CD-ROM
SeanfhocailA Thuilleadh Seanfhocail
There's no success except where there's discipline.
Two-thirds of a disease is the night.
It's a poor appetite that wouldn't warm its food.
One who acquires a reputation as an early riser might as well sleep until mid-morning.
The stomach is the beam.