Ríomhaireacht Ghaelach agus Comhairleoireacht Teangan

Is anso atá tú: Lch Tosaigh
A  A  English

Fáilte!

Is comhlacht teangan é Fios Feasa atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta. Soláthraíonn an comhlacht earraí ilmheánacha agus seirbhísí comhairleoireachta teangan.

Bunaíodh i 1997 é chun earraí ilmheánacha a fhoilsiú a chuirfeadh cultúr agus teanga ársa na hÉireann i láthair leis an dteicneolaíocht is rí-dhéanaí. Ó shin i leith, tá cáil agus clú saothraithe ag Fios Feasa as feabhas a chuid earraí agus seirbhísí.

 


Tairiscint Speisialta na Míosa


Do mhí Bealtaine, tá tairiscint speisialta againn ar an CD-ROM Cormac agus Órla agus Fionn Mac Cumhaill. Scéal traidisiúnta Fiannaíochta é seo, cóirithe ar CD-ROM idirghníomhach ilmheánach, á léamh as rogha an úsáideora de na trí príomhchanúintí nó as Béarla, le graificí agus anamúlacht den chéad scoth. 
€30 a chosnódh an CD-ROM seo de ghnáth, ach do mhí Bealtaine, bíodh sé agat AR LEATH-PHRAGHASChun teacht ar a thuilleadh eolais air, nó chun an tairiscint speisialta seo a ordú, cliceáil anseo.


Crannchur na Míosa


Comghairdeachas le Nicola Ní Ghearrchaigh, a bhuaigh an crannchur do mhí Aibreáin, cóip den CD-ROM Cormac agus Órla agus Fionn Mac Cumhaill.

Do mhí Bealtaine, tabharfaimíd uainn cóip den CD-ROM Ogham, SAOR i nAISCE! CD-ROM idirghníomhach ilmheánach dátheangach é seo mar gheall ar scríbhneoireacht an oghaim, le corpus de bhreis is 350 cloch oghaim ó Éirinn agus ón mBreatain. Tá aiste chuimsitheach ar an CD faoi ogham go ginearálta, agus tá cur síos indibhidiúil ar gach cloch, le breis is 1,000 grianghraf agus léaráid díobh. Cliceáil anseo chun cur isteach ar an gcrannchur, nó chun a thuilleadh eolais a fháil ar an duais.




Cuid de na hearraí seo againn-ne


Is leagan leictreonach é seo den Bhíobla Naofa, faoi mar a chuir An Sagart i gcló é

An Bíobla Naofa

Is pacáiste dhá CD-ROM de chluichí léitheoireachta do na blianta tosaigh é Boghaisín na bhFocal.

Boghaisín na bhFocal

CD-ROM dátheangach ilmheánach de Thíreolaíocht na hÉireann.

Tíreolaíocht le Cormac agus Órla