Polasaí Príobháideachais
Tá an Polasaí Príobháideachais seo ann chun cur síos a dhéanamh ar an slí a láimhseálann Fios Feasa aon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil faid is a bhíonn tú ar cuairt ar an suíomh. Sa mhéid is go dtugann tú cuairt ar an suíomh, toilíonn tú le téarmaí an Pholasaí seo. Maidir le nascanna go dtí suíomhanna eile, léirítear go soiléir iad, agus níl Fios Feasa freagrach as ábhar ná as polasaí príobháideachais na suíomhanna eile sin.
Sonraí Pearsanta
Ní bhailíonn Fios Feasa aon sonraí pearsanta uait-se tríd an suíomh seo, ach amháin na sonraí a thugann tú uait le do thoil féin agus tú ag líonadh isteach foirmeacha ar líne nó ag cur ríomhphostanna chugainn. Na sonraí a chuireann tú ar fáil amhlaidh, bainfear úsáid astu chun do chuid orduithe a chur i gcrích, chun tú a chur ar an eolas maidir le tairiscintí speisialta, nó chun freagra a chur ar aon ríomhphost a chuireann tú chugainn. Ní tabharfar do sheoladh ríomhphoist ar láimh d’aon pháirtí eile.
Liosta Poist
Má chuireann tú ordú chugainn, nó má chuireann tú d’ainm le liosta an phoist seo againn-ne, gheobhaidh tú ríomhphostanna uainn leis an eolas is déanaí faoi phraghsanna, tairiscintí speisialta, earraí, seirbhísí, agus comórtaisí. Ní chuirfimid a leithéid de ríomhphostanna go dtí éinne ach custaiméirí a thoilíonn iad a fháil. Más maith leat d’ainm a chur le liosta an phoist, ní gá dhuit aon sonraí pearsanta a thabhairt uait ach amháin do sheoladh ríomhphoist. Bainimid d’ainm den liosta aon am is maith leat ach ríomhphost a chur chugainn á lorg sin orainn.
Cearta chun Teacht ar do Shonraí Pearsanta Féin
Tá sé de cheart agat sinn a chur ar an eolas maidir le haon athraithe nó leasaithe i do shonraí pearsanta féin, agus ag teacht leis na hoibleagáidí atá orainn faoi bhun na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 de chuid Phoblacht na hÉireann, déanfaimid leasú ar do shonraí pearsanta, nó scriosfaimid amach ar fad iad, dá réir.
Staitisticí an tSuímh
Ní bhíonn aon teacht againn ar aon sonraí pearsanta fút de bharr bhrabhsáil ghinearálta an tsuímh, ach bíonn teacht againn ar staitisticí áirithe via soláthraitheoir na seirbhísí idirlín atá againn. D’fhéadfadh na nithe seo leanas a bheith san áireamh sna staitisticí sin: seoladh loighiciúil an fhriothálaí atá á úsáid agat; an an fhearainn bharrleibhéil óna mbíonn teacht ar an idirlíon agat; an cineál brabhsálaí atá á úsáid agat; an dáta agus an t am go dtugann tú cuairt ar an suíomh seo againn-ne; agus an seoladh idirlín a úsáideadh chun nasc a dhéanamh leis an suíomh.
Cookies
Is blúire téacs é cookie a cuirtear ar do ríomhaire féin chun cuntas a choimeád ar an mbrabhsáil a dheineann tú ar shuíomh gréasáin, agus ar uimhir aitheantais ar leithrigh chun go “gcuimhneodh” an suíomh ort nuair a fhilleann tú. Ní stórálann an suíomh seo againn-ne aon eolas le cookies ach amháin do rogha teangan (.i. Gaeilge nó Béarla). Úsáidtear an t eolas sin chun do rogha a chaomhnú do réir mar a bhrabhsálann tú tríd an suíomh, agus chun nach gcaithfeá an rogha a dhéanamh gach uair a thugann tú cuairt arís ar an suíomh.
Secure Socket Layer (SSL)
Nuair a chuireann tú ordú ar earraí go dtí Fios Feasa, úsáidimid an teicneolaíocht Secure Socket Layer (SSL) chun criptiúchán a dhéanamh ar do shonraí pearsanta, ar nós sonraí do chárta creidmheasa. Aon eolas a choimeádaimid mar chuid de do phróifíl mar chustaiméir, is i mbunachar sonraí le srianta sábháilteachta air, idir srianta fisiciúla agus srianta teicneolaíochta, a coimeádtar é.
Nuair a bhíonn d’ordú próiseálta againn, scriostar amach sonraí do chárta creidmheasa ar fad ón mbunachar sonraí sin go huathoibríoch, agus ní coimeádtar ach na sonraí teangmhála. Tá cur síos anseo thuas sa mhír “Liosta Poist” ar an úsáid a bhaineann Fios Feasa as an eolas sin.
Athraithe sa Pholasaí Seo
Caomhnaíonn Fios Feasa ár gcearta an polasaí príobháideachais seo a leasú nó a athrú aon am gan fógra.
Seanfhocal an Lae
Ó b'annamh leis an gcat srathar a bheith air..[Since the cat so seldom wears a straddle-pack.]
A thuilleadh a léamh
Seanfhocail
Tairiscint Speisialta
Tíreolaíocht le Cormac agus Órla
CD-ROM dátheangach ilmheánach de Thíreolaíocht na hÉireann.
A thuilleadh a léamh