Ríomhaireacht Ghaelach agus Comhairleoireacht Teangan

Is anso atá tú: Lch Tosaigh - Polasaí Úsáide
A  A  English

Polasaí Úsáide

Is do chuspóirí eolais amháin a cuirtear ábhar na leathanach seo ar fáil. Tá siad ann chun eolas a sholáthar ar earraí agus ar sheirbhísí Fhios Feasa, mar aon le heolas breise mar gheall ar an nGaeilge agus ar úsáid na Gaeilge i gcúrsaí teicneolaíochta. Cé go ndeintear gach iarracht caighdeán ard a chaomhnú agus an t ábhar seo á ullmhú le foilsiú ar an suíomh, ní ghlacann Fios Feasa le haon fhreagracht as aon dearmaidí, faillí, ná ráitisí míthreoracha ar na leathnaigh seo, ná ar aon leathnaigh nasctha leo, ná ní glactar lena leithéid de fhreagracht thar ceann Fhios Feasa ach an oiread.

Teora leis an Dliteanas
Ní bheidh aon dliteanas ar Fhios Feasa i n aon chás as aon damáiste ná caillteanas d’aon sórt, bíodh sé díreach, indíreach, speisialta, pionósach, eiseamláireach, nó iarmhartach, a eascródh as cuairt a thabhairt ar an suíomh seo nó as úsáid á bhaint as, nó as aon eolas dá bhfuil istigh ann, cailliúint preifide agus a leithéid san áireamh, fiú má chuirtear ar an eolas é go bhféadfadh a leithéid de dhamáiste a bheith ann.

Cearta Maoine
Is é Fios Feasa úinéir díreach gach trádmharc, cóipcheart, ceart bunachar sonraí, agus gach ceart eile sa mhaoin intleachtúil san ábhar ar an suíomh seo, ag tabhairt an téacs, na n íomhanna, agus na mblúiríocha fuaime san áireamh, ach gan an t ábhar a theorainniú amhlaidh, agus i leagan amach agus i n eagrúchán ginearálta an tsuímh, mar aon le cód an software is bonn faoi, ach amháin mar a léirítear a mhalairt.

Gan cead scríte a fháil roimh ré ó Fhios Feasa, ní ceadmhach duit aon ábhar ar an suíomh seo, ná cód an software is bonn faoi, a chóipeáil, a athrú, a leasú, a fhoilsiú, a chraoladh, a dháileadh, a dhíol, ná a aistriú, ina iomláine nó ina chodanna. Is ceadmhach ábhar an tsuímh seo a lódáil anuas, a phriontáil, agus a chóipeáil i gcóir úsáid phearsanta neamh-thráchtála, áfach.

Nascanna le Suíomhanna Eile
D’fhéadfadh nascanna a bheith ar an suíomh seo go dtí suíomhanna eile ar an idirlíon. I n ainneoin is go ndeintear gach iarracht deimhin a dhéanamh de go bhfuil na suíomhanna sin iontaofa, ní haon tacú nó formhuiniú ó Fhios Feasa ar an suíomhanna sin é go bhfuilid luaite ar an suíomh seo againn féin, ná níl aon fhreagracht ar Fhios Feasa as an ábhar, as an eolas, as na hearraí, ná as na seirbhísí atá ar fáil sna suíomhanna sin, nó tríothu. Is ort féin amháin atá an riosca má thugann tú cuairt ar na suíomhanna sin nó má bhaineann tú úsáid astu.